Oifig na nOibreacha Poiblí

Músaem na bPiarsach
agus Páirc Naomh Éanna

Ba i Músaem na bPiarsach agus Páirc Naomh Éanna a mhair Pádraig Mac Piarais idir 1910-16, agus is ann a rith sé a scoil nuálach Ghaeilge, Scoil Éanna.

Edward Hudson, an Fiaclóir Stáit, a thóg ‘The Hermitage’ an chéad lá tar éis dó léas don talamh a shíniú in 1786. Os cionn céad bliain ina dhiaidh sin a tháinig Pádraig Mac Piarais ar an teach agus é ar oilithreacht staire de láithreacha a bhí luaite le Robert Emmet. Insíonn an músaem, atá suite i mbeagnach 50 acra d’fhearann páirce álainn, scéal Phádraig Mhic Phiarais agus a dheartháir Liam, agus an chaoi ar cuireadh iad beirt chun báis as an bpáirt a ghlac siad in Éirí Amach 1916.

Tá Músaem na  bPiarsach agus Páirc Naomh Éanna faoi stiúir agus faoi bhainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí.

 

Pleanáil Cuairt

Eolas faoin láthair agus faoi na háiseanna.

Acmhainní

Doiciméid thábhachtacha a bhaineann leis an réadmhaoin.

Taispeántais

Féach sonraí na dtaispeántas reatha agus atá thart.

Oideachas

Eolas do mhúinteoirí agus do scoláirí.

Tá foscríbhinní iomlána agus eolas a bhaineann le cóipcheart do na híomhánna ar fad le fáil sna Gailearaithe. Más mian leat úsáid a bhaint as aon cheann de na híomhánna ar an suíomh gréasáin seo, téigh i dteagmháil linn le do thoil.

Aon naisc ar an suíomh gréasáin seo chuig ábhar seachtrach, tá siad ann chun críocha tagartha agus ní chuireann siad in iúl go n-aontaímid lena bhfuil iontu.