Oideachas

Cuirimid turais threoraithe ar fáil a gcuirtear in oiriúint do riachtanais agus do spéiseanna éagsúla gach grúpa.
Tá na turais bhunscoile agus dara leibhéal bunaithe ar an gcuraclam.

Is féidir turas do dhaltaí ag leibéal na bunscoile a úsáid chun tacú le gnéithe áirithe den churaclam, lena n-áirítear:
  • Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh (faigh eolas trí fhéachaint; foghlaim faoi ealaíontóirí, ailtirí agus dearthóirí ó réanna éagsúla; forbair scileanna braithnaitheacha)
  • Stair (conas mar a mhair daoine; na hathruithe a tharla thar thréimhsí éagsúla agus an tionchar a bhí ag na hathruithe sin ar dhaoine; tuiscint a fháil ar stair áitiúil agus foghlaim faoi fhianaise)
  • OSSP (luach a chur ar ár dtimpeallacht)

 

Cuirimid ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta ar fáil do leanaí ó uair go chéile le linn laethanta saoire scoile agus i rith na Seachtaine Oidhreachta. Seiceáil anseo nó ar ár leathanach Facebook d’eolas sa bhreis. Cuirimid lánfháilte roimh mhic léinn atá ag déanamh taighde ar stair áitiúil chomh maith.

Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfear gach turas grúpa a chur in áirithe roimh ré.

Is féidir turas go Músaem na bPiarsach agus Páirc Naomh Éanna a úsáid chun tacú le gnéithe de churaclam Staire na hArdteistiméireachta chomh maith.

Is fíor sin go háirithe maidir leis an stair shóisialta agus chultúrtha. Ina dteannta siúd, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do mhic léinn Ealaíne na hArdteistiméireachta cuairt a thabhairt ar ár dtaispeántais rialta de mhínealaíona agus de cheardaíocht. Tá súil againn go spreagfaidh siad seo tuiscint sna mic léinn do thábhacht na n-amharc-ealaíon sa chultúr agus sa phobal.

 

Faigh amach a thuilleadh ...

… faoin Scéim um Thurasanna Oideachais in Aisce do Scoileanna.

Faigh amach faoi uaireanta oscailte, áiseanna agus eolas úsáideach eile.