Taispeántais

Scrollaigh síos an leathanach seo le léamh faoi thaispeántais, idir chinn reatha agus chinn atá thart.
Pleanáil do chuairt le ceann de na taispeántais reatha a fheiceáil trí fhéachaint ar ár súíomh, cúrsaí taistil agus ár gcuid áiseanna anseo.

Criadóireacht Éireann: Taispeántas Roghnaithe Bliantúil na mBall

19 Deireadh Fómhair – 29 Samhain 2014

Tá saothar le tríocha is a sé ealaíontóir ar leith le feiceáil i dTaispeántas Roghnaithe Bliantúil na mBall de chuid Chriadóireacht Éireann. Roghnaíodh na saothair ón ábhar a chuir baill Chriadóireacht Éireann féin isteach. Léiríonn na saothair ar taispeántas go leor gnéithe de cheird na criadóireachta – feidhmiúil, maisiúil agus snoite – agus tugann siad léargas iontach dúinn ar an réimse leathan saothar criadóireachta atá á dtáirgeadh in Éirinn sa lá inniu.

Tionscadal Palimpsest / Rianú

6 Meán Fómhair – 30 Samhain 2014
Claire Halpin agus Eoin Mac Lochlainn i mbun coimeádaíochta

Is tionscadal ealaíne comhoibríoch é Tionscadal Palimpsest / Rianú a thug le chéile ochtar ealaíontóirí Éireannacha chun saothar a chruthú le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Artisterium VI in Tbilisi na Seoirsia i nDeireadh Fómhair 2013. Ag leanacht ar aghaidh leis an gcomhthogra, cuireadh ar taispeáint sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall é i Meitheamh na bliana 2014. Beidh an taispeántas deiridh ar siúl i Músaem na bPiarsach i Ráth Fearnáin, Co. Bhaile Átha Cliath i Meán Fómhair 2014. B’iad an t-ochtar ealaíontóirí a ghlac páirt ann ná: Colin Martin RHA, Brian Fay, Mary A. Fitzgerald, Claire Halpin, Eoin Mac Lochlainn, Aoife McGarrigle, Kate Murphy agus Nuala Ní Fhlathúin.

Tugadh cuireadh do gach ealaíontóir acu buníomhá a chruthú ar dtús. Ansin seoladh an íomhá sin ar aghaidh go dtí an chéad ealaíontóir eile sa ghrúpa ar an ríomhphost. Thug an dara healaíontóir a fhreagra féin ar an saothar trí oibriú thairis nó trí é a chlaochlú ar shlí éigin agus ansin sheol ar aghaidh chuig an chéad ealaíontóir eile é, a rinne amhlaidh. Lean an próiseas ar aghaidh mar sin go raibh gach duine de na healaíontóirí tar éis cur le gach ceann de na saothair. Eispéireas an-chruthaitheach agus an-tairbheach a bhí ann do na healaíontóirí, iad go léir ag foghlaim ó bheith ag déileáil le bealaí oibre agus le próisis chruthaitheacha na n-ealaíontóirí eile. Tagraíonn an teideal “Palimpsest /Rianú” do na pailmseistí bunaidh – lámhscríbhinní ársa a glanadh le go bhféadfaí iad a athúsáid agus scríobh orthu in athuair – agus Rianú, a thagraíonn don rian do gach duine den ochtar ealaíontóirí atá fágtha ar na saothair chríochnaithe go léir.

Ba é an bunús leis an togra ná scrúdú a dhéanamh ar conas a phléimid uile leis an ‘eile’ inár saol – grúpaí eitneacha eile, tíortha eile, daoine eile – agus dá bharr sin bhí tionscadal comhoibríoch idir ealaíontóirí an-oiriúnach go deo. Roghnaíodh Músaem na bPiarsach i bPáirc Naomh Éanna i Ráth Fearnáin mar láthair chuí don taispeántas deiridh toisc an spéis ar leith a bhí ag Pádraig Mac Piarais féin san oideachas dátheangach. Tá na healaíontóirí go léir tar éis saothar ealaíne dá gcuid féin a chruthú chomh maith a fhreagraíonn don láthair agus do théamaí an taispeántais.

Ón Hermitage go Harlem: An Piarsach i Meiriceá, 1914

2 Márta – 31 Lúnasa 2014

Ar an 8 Feabhra 1914 d’fhág Pádraig Mac Piarais Éire ar bord an RMS Campania agus camchuairt léachtóireachta sna Stáit Aontaithe roimhe ar mhaithe le hairgead a bhailiú. Bhí airgead á chailleadh ag Scoil Éanna ar feadh na mblianta agus bhraith an Piarsach gurb é an chamchuairt ‘the only chance of placing the school on a sound financial footing’. Bhí sé ag súil go mealladh a scileanna óráide tabhartais airgid ón bpobal Gael-Mheiriceánach a d’fhéadfaí a úsáid chun cuid de mhórfhiacha na scoile a ghlanadh.

Leanann an taispeántas seo turas an Phiarsaigh thart ar stáit oirthearacha na Stát Aontaithe idir Feabhra agus Bealtaine na bliana 1914. Cé gur fhan sé i dteach mhuintir Chionnaith ar Shráid 144 in Harlem den chuid is mó, thug an Piarsach léachtanna in áiteanna ar nós Wilmington (Delaware), Philadelphia, Springfield (Massachusetts), Providence (Rhode Island) agus La Rochelle i Stát Nua-Eabhrac. Eagraíodh Lá Spóirt chun airgead a bhailiú don scoil i láthair spóirt an Irish Athletic Club in Long Island ar an 19 Aibreán 1914. Mar a tharla sé, bhí comóradh 900 bliain ar Chath Chluain Tarbh in 1014 i gceist leis an lá chomh maith. Tá clár bunaidh na hócáide seo le feiceáil sa taispeántas mar aon le roinnt litreacha fíorspéisiúla a sheol agus a fuair an Piarsach agus é thar lear. Ar taispeántas chomh maith, tá scáthchruth de phróifíl an Phiarsaigh a rinne sé nuair a thug sé cuairt ar bharr Fhoirgneamh Woolworth, an foirgneamh b’airde sa domhan ag an am.

Cé go raibh suim ag na daoine a tháinig chuig na léachtanna sna himeachtaí i Scoil Éanna, ba mhó an spéis a bhí ag a bhformhór in Óglaigh na hÉireann (na ‘Irish Volunteers’), a bhí díreach bunaithe ag an am. Mar dhuine díobh siúd a bhunaigh an ghluaiseacht mhíleata náisiúnach nua seo bhí an Piarsach féin ina dhíol spéise do Chlann na nGael, cumann Gael-Mheiriceánach a chur roimhe Poblacht neamhspleách a bhaint amach in Éirinn. Rinne an Piarsach teagmháil thábhachtach le Gael-Mheiriceánaigh mhóra le rá, Seán Ó Dubhuí agus Seosamh Mag Aireachtaigh ina measc. Spreag an poblachtánachas míleata a bhí acu siúd an Piarsach, agus d’fhill sé ar Éirinn lándírithe ar shaoirse na tíre a bhaint amach trí bhealaí radacacha.

Deich: Saol Phádraig Mhic Phiarais i nDeich Mír

11 Iúil – 27 Lúnasa 2013

Tá deich mír sa taispeántas seo a léiríonn gnéithe ar leith do shaol éachtach an Phiarsaigh. Cé gur bhásaigh sé agus gan é ach 36, bhí éagsúlacht agus fiúntas thar na bearta sa saol a chaith sé. Bhí páirt lárnach aige i ngluaiseacht na Gaeilge, bhí sé ina eagarthóir ar iris nuachta, scríobh sé drámaí, dánta agus scéalta, bhunaigh sé agus bhí sé ina ardmháistir ar Scoil Éanna agus, gan dabht, bhí sé ina cheannaire ar Éirí Amach 1916.

Baineann cuid de na míreanna atá ar taispeáint anseo le gnéithe tábhachtacha de shaol poiblí an Phiarsaigh, a thréimhse mar eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis agus a óráid iomráiteach ag uaigh Jeremiah Uí Dhonnabháin Rosa ina measc. Baineann earraí eile le gnéithe príobháideacha agus pearsanta dá shaol agus léiríonn siad blianta spreagúla a óige agus é ag fás aníos os cionn gnó dealbhóireachta a athar ar Shráid Mhór Brunswick (Sráid an Phiarsaigh sa lá inniu). É sin nó na huaireanta deireanacha a chaith sé lena chlann sular fhág sé le troid in Éirí Amach 1916. Tógtha le chéile, tá léargas le fáil sa deich mír seo ar phearsantacht chasta agus ilghnéitheach an Phiarsaigh.

Cliceáil anseo le na míreanna sa taispeántas seo a fheiceáil.

B’fhéidir go mbeadh spéis agat míreanna ón mbailiúchán buan a fheiceáil.