Turas ar Líne

Níl dada chomh maith le cuairt a thabhairt ar réadmhaoin stairiúil tú féin, na déantúsáin a fheiceáil duit féin, labhairt le duine d’ár dtreoraithe eolgaiseacha agus cupán breá caife a bheith agat ina dhiaidh sin sa chaifé. Chun blaiseadh a thabhairt duit den mhéid atá romhat ar do chuairt, ba bhreá linn dá mbainfeá triail as an turas fíorúil atá ar fáil thíos.

Turas an Tí

Tá mionphlean urláir ar fáil anseo chun deis a thabhairt duit do bhealach a leanúint agus tú ag léamh. Tugann an turas seo cuairt ar gach ceann de sheomraí an tí i bhfocail na ndaoine sin a thug cuairt air le linn ré an Phiarsaigh.

“Pearse’s very presence, I have said before, was a discipline in itself. He had rarely to resort to corporal punishment. The most noisy dormitory or study-hall became hushed and silent as he entered with his peremptory Céard é seo? Céard é seo? A silence due to respect and not fear.

– Deasmhumha Ó Riain, The Man Called Pearse (1919).

Turas an Fhearainn

Tá an iliomad baoiseanna (‘follies’) agus leachtanna scaipthe anseo agus ansiúd thart ar chosáin agus chluainte Pháirc Naomh Éanna. Muintir Hudson a d’fhág ansin iad le linn an ochtú agus an naoú haois déag. Léiríonn an turas seo gach ceann díobh agus tugann spléachadh ar an stair taobh thiar díobh.

… at the Hermitage, Edward Hudson had made himself a beautiful home, adding a portico and new wing to the solemn old granite house that is now Scoil Éanna, and dotting his woods and fields with the picturesque bridges and arches and grottoes on which eighteenth century proprietors spent the money that their descendants (if they had it) would spend on motorcars.

– Pádraig Mac Piarais, ‘By way of Comment’ ó An Macaomh, Nollaig 1910.

Tá níos mó íomhánna den teach agus den fhearann, san am atá inniu ann agus san am atá thart araon, le fáil sa Ghailearaí.