Acmhainní

Tá áthas orainn roinnt doiciméad ríthábhachtacha a bhaineann le Pádraig Mac Piarais agus le Scoil Éanna a chur ar fáil don phobal.

Ina measc siúd tá na ceithre eagrán d’iris oifigiúil na scoile, An Macaomh. Tá cóipeanna de réamheolaire na scoile agus cláir d’ócáidí tábhachtacha na scoile ar na doiciméid eile. Cliceáil ar íomhá an doiciméid chun teacht ar PDF iomlán ar féidir leat a léamh ar líne nó a íoslódáil go dtí do ríomhaire féin. Más mian leat aon ní i gcartlann nó i mbailiúchán an mhúsaeim a cheadú, téigh i dteagmháil linn, le do thoil. Tabhair aitheantas do Mhúsaem na bPiarsach má bhaintear aon úsáid as na doiciméid seo, le do thoil.

Réamheolaire Scoil Éanna, 1909-10

Is é seo ceann de na leaganacha is luaithe de réamheolaire na scoile, ón tréimhse nuair a bhí Scoil Éanna fós lonnaithe i dTeach Fhiodh Cuillinn idir Ráth Maonais agus Raghnallach. Mar áis chun tabhairt ar thuismitheoirí a gcuid mac a sheoladh go dtí an scoil agus mar mheán chun a fhealsúnacht féin maidir le hoideachas a phoibliú, a bheadh úsáid bainte ag an bPiarsach as. Murab ionann agus na leaganacha a tháinig amach ina dhiaidh tá an ceann seo maisithe le grianghraif.

Réamheolaire Scoil Éanna, 1910-11

Rinne an Piarsach uasdátú rialta ar réamheolaire na scoile chun athruithe san fhoireann agus i gcúrsaí na scoile a chur in iúl. Tá éachtaint ar bhogadh Scoil Éanna amach go dtí an Hermitage i Ráth Fearnáin le fáil sa cheann áirithe seo, mar aon le cur síos fada ar an áit nua agus an stair a bhain léi.

Réamheolaire Scoil Íde, 1910-11

Ceann den bheagán sampla de réamheolaire Scoil Íde, scoil an Phiarsaigh do chailíní. Thosaigh sé an scoil seo i dTeach Fhiodh Cuillinn in 1910 nuair a aistríodh Scoil Éanna amach go Ráth Fearnáin. Mrs Gertrude Bloomer a bhí mar Mháistreás Tí. Níor éirigh leis an scoil ó thaobh airgid de agus dhún sé go deo in 1912.

Mac Ghníomhartha Chúchulainn, 22 Meitheamh 1909

Is é seo an clár do léiriú amuigh faoin aer de dhráma Gaeilge an Phiarsaigh faoi óige an laoich mhiotasaigh, Cú Chulainn. Ar fhearann Theach Fhiodh Cuillinn a tharla an léiriú áirithe seo, ar an 22 Meitheamh 1909.

Feis Scoil Éanna, 9-14 Meitheamh 1913

D’eagraigh an Piarsach feis le hairgead a bhailiú ar pháirceanna imeartha an CLG ar Bhóthar Mhic Sheoin (Páirc an Chrócaigh sa lá inniu) ón 9 go dtí an 14 Meitheamh 1913. Tá cur síos sa chlár ar na léirithe drámaíochta, na cluichí taispeántais spóirt agus na himeachtaí éagsúla eile a cuireadh ar siúl ann an tseachtain sin.

An Macaomh, Lár an tSamhraidh 1909

Foilsíodh an t-eagrán seo d’iris na scoile, An Macaomh, i lár an tsamhraidh sa bhliain 1909.

Níor foilsíodh ach ceithre eagrán san iomlán – Lár an tSamhraidh 1909, Nollaig 1909, Nollaig 1910, agus Bealtaine 1913. Bhí réamhrá ag an bPiarsach i ngach ceann acu, ag leagan amach an fhís a bhí aige do Scoil Éanna. Ina theannta sin bhí míreanna ó na buachaillí agus eolas faoi imeachtaí laethúla na scoile. Maisíodh iad le grianghraif d’imeachtaí na scoile agus de shaothair shuntasacha ó bhailiúchán ealaíne na scoile.

An Macaomh, Nollaig 1909

Foilsíodh an t-eagrán seo d’iris na scoile i Nollaig na bliana 1909. Cuireann an Piarsach síos ar a thuairimí féin maidir le hoideachas ann agus féachann sé siar ar an rath a bhí ar an scoil sa seomra ranga, ar an stáitse agus ar an bpáirc imeartha.

An Macaomh, Nollaig 1910

Ba é seo an chéad eagrán den Mhacaomh tar éis don scoil aistriú amach go dtí a láthair nua sa Hermitage i Ráth Fearnáin. Tá cur síos ann ón bPiarsach ar a dtimpeallacht spreagúil nua mar aon le léirithe iontacha den pháirc a rinne a nia Alf McGloughlin. Tá mír ann do Scoil Íde chomh maith, an scoil cailíní a bhí díreach curtha ar bun ag an bPiarsach i dTeach Fhiodh Cuillinn.

An Macaomh, Bealtaine 1913

Tar éis beagnach trí bliana de bhearna, ba é seo an t-eagrán deireanach den Mhacaomh. Tá réamhrá an Phiarsaigh i bhfad níos radacaí agus níos míleataí ná mar a bhí sé go dtí sin.

An Claidheamh Soluis, 23 Lúnasa 1913

Alt é seo ar Scoil Éanna a bhí sa Chlaidheamh Soluis (An Claíomh Solais), nuachtán Chonradh na Gaeilge, ar an 23 Lúnasa 1913, a thugann cur síos an-mhion ar an scoil, an teach agus fearann an tí.