An Músaem

Tá an músaem lonnaithe i seanteach agus seanscoil Phádraig Mhic Phiarais, ardcheannasaí Éirí Amach 1916. Foirgneamh é seo atá timpeallaithe ag caoga acra d’fhearann páirce tírdhreachtaithe. Bhunaigh an Piarsach a scoil, Scoil Éanna, in 1908 i dTeach Fhiodh Cuillinn i Raghnallach. D’eascair an spéis a bhí aige san oideachas ar dtús ón bhaint a bhí aige le Conradh na Gaeilge agus gluaiseacht na Gaeilge. D’éirigh sé an-tógtha leis an oideachas agus leis na féidearthachtaí a bhain leis sula i bhfad, áfach. Bhí na smaointe a bhí aige forásach agus radacach agus ba bheag a mheas ar an gcóras oideachais scrúdú-dhírithe a bhí i réim ag an am. Bhraith sé gur chóir do scoileanna cumais éagsúla a ndaltaí go léir a chothú, fiú mura raibh na cumais sin aitheanta sna hábhair scoile thraidisiúnta.

Don Phiarsach ba é croílár na foghlama an spreagadh, agus dar leis nach mbeadh rath ar a scoil gan é a bheith lonnaithe in áit a thabharfadh an spreagadh oiriúnach sin. Theastaigh uaidh go géar suíomh a fháil a thabharfadh an deis dá dhaltaí plé go díreach leis an nádúr. Tháinig sé ar an Hermitage i Ráth Fearnáin in 1910 agus é ar oilithreacht stairiúil d’áiteanna a bhí luaite leis an réabhlóidí Robert Emmet. Neadaithe faoi bhunchnoic Shléibhte Bhaile Átha Cliath, bhí an suíomh foirfe dá scoil.

Liam agus Pádraig Mac Piarais. OOP.

Tháinig muintir Phádraig Mhic Phiarais chun cónaí sa teach chomh maith. Chabhraigh a mháthair, a dheartháir agus a dheirfiúracha an scoil a rith. D’fhág sé féin agus Liam chun troid san Éirí Amach in 1916 agus níor fhill siad go deo. Ba é Pádraig ardcheannasaí an éirí amach agus an té a scríobh Forógra na Poblachta. Nuair a theip gach dóchas go mbeadh an lá leis na reibiliúnaigh, ba é a bhí ann chun an géilleadh a stiúradh chomh maith. Agus an réabhlóid faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath ní raibh de rogha ag a mháthair agus a dheirfiúracha ach fanacht i Ráth Fearnáin ag feitheamh ar scéala. Is ansin a bhí siad nuair a chuala siad go rabhthas chun an bheirt deartháireacha a chur chun báis. D’fhan a mháthair agus a dheirfiúr is sine ina gcónaí sa teach agus choinnigh siad an scoil ag imeacht ann go dtí 1935. Nuair a bhásaigh an deirfiúr dheireanach in 1968, bronnadh an teach agus an fearann ar an stát ar an gcoinníol go n-úsáidfí iad mar chuimhneachán ar Phádraig agus ar Liam. Osclaíodh Músaem na bPiarsach don phobal in 1979.

The dormitory at St Enda's. National Monuments Service.

Táthar ag iarraidh cuid den spiorad a bhí sa teach le linn an Phiarsaigh a athchruthú sa taispeántas sa mhúsaem i láthair na huaire. Tá éachtaintí an-phearsanta ar shaolta iad siúd a bhí iontu tráth le fáil i staidéarlann an Phiarsaigh agus i seomra suí an teallaigh. Ar gach aon taobh de na seomraí seo tá na spásanna níos poiblí inar chónaigh agus inar oibrigh daltaí an Phiarsaigh. Tá suanlios, halla mór agus séipéal na scoile go léir ar oscailt don chuairteoir anois. Bhí timpeallacht aeistéitiúil na scoile tábhachtach don Phiarsach. Tá dánlann na scoile athchruthaithe sa láthair díreach ina raibh sé agus píosaí breátha ar taispeáint ann ag Beatrice Elvery, Pádraic Ó Tuathaigh, W.B. Yeats agus an Cunta Casimir Markievicz.

Tá “músaem laistigh de mhúsaem” ann chomh maith mar tá athchruthú déanta ar sheanmhúsaem na scoile féin. Na daltaí iad féin a rith an músaem agus thogh siad coimeádaí gach bliain as measc na scoláirí.Tá ceann de na cásanna bunaidh a bhí sa mhúsaem tagtha slán chugainn agus tá go leor de na hearraí a bhí ar taispeántas ann an chéad lá le feiceáil arís ann anois. Ina theannta sin, trí scrúdú a dhéanamh ar an gcur síos ón am ar bhailiúchán an mhúsaeim sa ré sin, bhíothas ábalta macasamhla a choimisiúnú d’earraí eile a mbeadh ann le linn an Phiarsaigh.

“…beautiful pictures, statuary, and plants replace the charts and other paraphernalia of the ordinary schoolroom.”

– Cur síos ar sheomraí ranga Scoil Éanna i réamheolaire na scoile.

Tá Músaem na bPiarsach tiomnaithe don bheirt deartháireacha Mhic Phiarais. Is minic a dhéantar faillí ar dheartháir Phádraig, Liam, agus tá a shaothar dealbhóireachta dearmadta cuid mhór anois. Den chéad uair, tá dánlann sa mhúsaem curtha ar leataobh dá chuid siúd saothar amháin. Tá saothar dá chuid ó bhailiúchán Mhúsaem na bPiarsach le feiceáil ann, mar aon le hábhar ó Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann, ón Músaem Náisiúnta agus ó dhaoine príobháideacha chomh maith.

Léigh a thuilleadh faoi mhuintir Phiarais agus óige Phádraig Mhic Phiarais.