Liam Mac Piarais

Liam Mac Piarais

“Of all the men I have known on earth
You only have been my familiar friend,
Nor needed I another.”

– Pádraig Mac Piarais, To My Brother, 1 Bealtaine, 1916.

“The debt St. Enda’s owes to William Pearse can scarcely be overestimated.”

– Deasmhumha Ó Riain, The Man called Pearse, 1919.

Saolaíodh Liam Mac Piarais ar Shráid Brunswick Mór ar an 11 Samhain 1881. Ar nós a dhearthár, Pádraig, d’fhreastail sé ar scoil na mBráithre Críostaí ar Rae an Iarthair. Bhí gnó dealbhóireachta ag a n-athair, James, ar a dtug sé Pearse and Sons. Rinne sé saincheird de leaca uaighe, altóirí séipéal agus puilpidí. Chuaigh Liam le gnó an teaghlaigh agus rith sé an gnó tar éis dá athair bás a fháil in 1900. D’fhás sé aníos agus ábhar ealaíne a athar ar gach aon taobh dó, idir dhealbha agus phictiúir, mar aon le leabhair ar an ealaín agus an ailtireacht. Ba é mian a chroí a bheith ina ealaíontóir mór le rá é féin lá éigin.

D’fhreastail Liam ar ranganna ag an Dublin Metropolitan School of Art idir 1897 agus 1910. Rinne sé staidéar thar lear chomh maith, i bPáras agus sa Royal College of Art in Kensington. Amhail go leor ealaíontóirí Éireannacha ag an am, a oide agus a chara Oliver Sheppard ina measc, rinne sé iarracht ealaín a chruthú ar léir air go raibh sé Éireannach, idir ábhar agus stíl. Mhúin sé rang Gaeilge sa Scoil Ealaíne agus thaispeáin sé a chuid oibre ag an Oireachtas, ócáid bhliantúil a rinne ceiliúradh ar ealaín agus ar chultúr na hÉireann.

Dánlann Liam Mhic Phiarais. OOP.

Dúnadh síos gnó dealbhóireachta mhuintir Phiarais idir 1910 agus 1911. Baineadh leas as an airgead chun Scoil Éanna a bhogadh amach go dtí an Hermitage. Bhí Liam ag obair go lánaimseartha mar mhúinteoir ealaíne sa scoil ina dhiaidh sin. Ba bheag am a bhí aige dá chuid ealaíne féin de bharr an ualach oibre a bhí air sa scoil. Agus Pádraig Mac Piarais ag éirí níos tógtha leis an bpolaitíocht i rith an ama, ba le crann Liam a thit an-chuid de chúramaí laethúla na scoile. Dá bhrí sin, is beag i ndáiríre líon a shaothar a tháinig anuas chugainn. Tá saothar dá chuid ó Bhailiúchán Mhúsaem na bPiarsach, mar aon le píosaí ar iasacht ón Músaem Náisiúnta agus ó Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann i measc a chuid saothar ar taispeántas buan i Músaem na bPiarsach.

Ba é Liam a bhí i bhfeighil drámaí na scoile den chuid is mó, chomh maith. Bhíodh sé ina aisteoir iontu uaireanta. Aisteoir amaitéarach an-díograiseach ba ea é agus bhí a chomhlacht amharclainne leathghairmiúil féin aige ar feadh tréimhse fiú, The Leinster Stage Society. Rinne sé aisteoireacht chomh maith i ndrámaí a léirigh Cluicheoirí na hÉireann, a bhunaigh Tomás Mac Donnchadha agus Seosamh Pluincéad in 1914 le cúnamh airgid ó Edward Martyn.

Chabhraigh Liam lena dheartháir Pádraig ina chuid pleananna d’Éirí Amach 1916 agus throid sé lena ais in Ard-Oifig an Phoist. Gabhadh é tar éis an Éirí Amach, cuireadh cúirt airm air agus daoradh chun báis é. Bhí páirt réasúnta beag aige san Éirí Amach ach dealraíonn sé gur shíl na húdaráis Sasanacha go raibh ról níos lárnaí aige toisc gurbh é deartháir Phádraig Mhic Phiarais é. Cuireadh chun báis é ar an 4 Bealtaine 1916.

Faigh amach níos mó faoin scoil a rith Pádraig agus Liam, agus an ‘fhís d’Oideachas na hÉireann’ a bhí acu.